BÍ BRÓDÚIL AS AN ÁIT SEO, NÁ FÁG LORG 

Preaseisiúint a eisítear thar ceann Ná Fág Lorg Éireann: 

  • Feachtas nua náisiúnta feasachta ‘Ná Fág Lorg’ a dhíríonn ar chaitheamh bruscair, ar bhainistiú freagrach madraí agus ar na contúirtí a bhaineann le tinte campála.  
  • Achainí ar an bpobal prionsabail ‘Ná Fág Lorg’ a ghlacadh chuige féin agus cúram a dhéanamh den tírdhreach. 

Iarrann feachtas nua feasachta poiblí de chuid Ná Fág Lorg Éireann agus a chomhpháirtithe ar an bpobal a bheith aireach agus freagrach agus iad amuigh faoin aer maidir le madraí a bhainistiú, bruscar a chosc agus a chinntiú nach ndéantar aon tine ach amháin ar láthair ainmnithe.  

Agus an samhradh buailte orainn, tá Ná Fág Lorg Éireann – an t-aon chlár eitice i ndáil le timpeallacht na hÉireann a chothaíonn úsáid fhreagrach an tírdhreacha – ag tabhairt ar chách a bheith bródúil as an áit agus gan a lorg a fhágáil.  

Tá an feachtas ag iarraidh ar dhaoine a gcion féin a dhéanamh ach gníomhú go freagrach ionas gur féidir le gach duine idir thaitneamh agus tairbhe a bhaint as spásanna lasmuigh agus cuidiú lena gcosaint ar bhrú breise i mbliana de réir mar a mhaolófar srianta Covid-19.  

Ag labhairt dó ag seoladh an fheachtais ‘Love This Place, Leave No Trace’, dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan TD, go bhfuil sé tábhachtach go nglacfadh gach duine a bhaineann leas as an tírdhreach le héiteas Ná Fág Lorg.  

“Agus muid ag tnúth le samhradh amuigh faoin aer, tá sé níos tábhachtaí ná riamh na háiteanna is ansa linn a chosaint agus gan aon lorg a fhágáil orthu. Tá dualgas orainn i leith ár dtimpeallachta, an fhiadhúlra agus a chéile a bheith inár maoir fhreagracha ar an dúlra – ár bpáirceanna náisiúnta, coillearnacha, aibhneacha, tránna, sléibhte agus gach áit idir eatarthu.  

“Is ionann grá don nádúr, don fhiadhúlra agus don tírdhreach agus a bheith tuisceanach, ullmhaithe agus réamhghníomhach – picnic a chur le chéile seachas bbq aon-úsáide a d’fhéadfadh tine thromchúiseach a chothú, mála bruscair a thabhairt leat chun bruscar a thabhairt abhaile ionas nach ndéanfadh sé dochar don fhiadhúlra, madraí a choinneáil ar éill seachas ligean dóibh imeacht agus cur isteach ar ainmhithe feirme nó ar éin atá ar gor, fanacht glan ar éin fhiáine, ar mhamaigh agus ar bheatha na mara agus féachaint orthu gan cur isteach ná amach orthu.  

“De réir mar a théann níos mó daoine sa tóir ar áilleacht, ar iontas agus ar shuaimhneas an tsaoil faoin aer, tagann méadú ar ár gcomhthionchar ar an timpeallacht freisin. Ach a bheith freagrach agus gan aon lorg a fhágáil, is féidir linn cabhrú leis na háiteanna agus na speicis fhiáine is ansa linn a bheith fiáin i gcónaí.” 

Is é a dúirt Príomhfheidhmeannach Ná Fág Lorg Éireann, Maura Kiely :   

“Chothaigh Covid-19 ár meas ar an saol faoin aer athuair agus líon níos mó daoine ag baint úsáide as páirceanna poiblí agus as an tuath ar mhaithe le haclaíocht, le caitheamh aimsire agus le taitneamh. Mar sin féin, tá sé seo ag cur brú ar spásanna oscailte, rud atá ag bagairt ar cháilíocht an tírdhreacha agus ar a chosaint, mar a bhfuil gnáthóga tábhachtacha fiadhúlra agus timpeallacht oibre feirmeoirí. Iarrann an feachtas seo ar gach duine a bheith tuisceanach agus freagracht aonair a ghlacadh as ár dtionchar féin ar an saol faoin aer”. 

Tá an feachtas feasachta poiblí seo arna reáchtáil ag Ná Fág Lorg Éireann i gcomhar le Spórt Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoi choimirce na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann, Uiscebhealaí Éireann, Coillte agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh an feachtas ar siúl ar an raidió náisiúnta agus áitiúil agus ar na meáin shóisialta ón 28 Meitheamh go dtí deireadh mhí Iúil. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, John Treacy go bhfuil go leor torthaí dearfacha ar a bheith rannpháirteach i spórt agus in aclaíocht faoin aer agus go bhfuil sé ríthábhachtach meas a léiriú ar an timpeallacht nádúrtha. 

“Tá gréasán méadaithe cosán agus conairí rothaíochta, páirceanna foraoise agus láithreán áineasa, páirceanna náisiúnta agus áitiúla, ceantar ardtailte, uiscebhealaí intíre, tránna agus ceantar cósta againn mar a bhfuil deis ag daoine a bheith gníomhach faoin aer go sábháilte. Bainimid go léir taitneamh as an saol faoin aer ar bhealaí difriúla. Bí airdeallach, bí ag súil leis go mbeidh daoine eile ann agus bí tuisceanach. Páirceáil go sábháilte agus fág bealach isteach agus amach d’úinéirí talún agus cuimhnigh ar an mbruscar go léir a thabhairt abhaile leat. Má dhéantar é sin is féidir le cách idir thairbhe agus taitneamh a bhaint as an tuath.” 

Díríonn an feachtas ar thrí ghné mhóra a bhfuil brú breise ag teacht orthu agus níos mó daoine ag dul ar saoire anseo in Éirinn agus ag úsáid spásanna poiblí faoin aer le haghaidh áineasa le linn phaindéim Covid. Is iad na trí ghné sin níos mó bruscair a bheith á chaitheamh faoin tuath agus i spásanna lasmuigh, méadú ar chac madraí, madraí a bheith ag cur isteach ar bheostoc feirme agus ag déanamh ionsaithe orthu de réir mar atá líon na madraí in Éirinn ag druidim i dtreo 800,000, meastar, agus an scrios a dhéanann tinte a eascraíonn ó thinte campála agus BBQ a imíonn ó smacht.   

Cuirfidh an feachtas Love This Place, Leave No Trace béim ar roinnt príomhtheachtaireachtaí:  

Bruscar a chaitheamh:  

  1. Pleanáil romhat agus tabhair mála bruscair leat agus tú ag dul amach faoin aer. Nuair a thugann tú do bhruscar abhaile leat, tá do chion á dhéanamh agat gan áilleacht na spásanna faoin aer a loit le bruscar.  

 Úinéireacht agus Rialú Freagrach Madraí: 

  1. Glan lorg do mhadra i gcónaí. Cuir i mála é, cuir sa bhosca bruscair é nó tabhair leat abhaile é.  
  2. Nuair a choinníonn tú do mhadra ar éill léiríonn tú meas ar dhaoine eile agus ní chuirtear isteach ar bheostoc ná ar an bhfiadhúlra.  

 Tinte campála agus BBQ aon-úsáide: 

  1. Ná déan tine ach amháin ar láthair ainmnithe. Níor chóir duit tine champála a lasadh mura bhfuil cead agat ó úinéir na talún. 
  2. Má tá tú ag láthair ainmnithe ina gceadaítear tinte campála, déan cinnte go bhfuil na scileanna agat chun tinte campála a dhéanamh agus a úsáid. Féach ar leavenotraceireland.org mar a bhfaighfear treoracha faoi thinte campála a úsáid go sábháilte. 
  3. Ná húsáid BBQ aon-úsáide. 

Ba é a dúirt Maura Kiely faoi bhruscar a chaitheamh: 

“Feicimid inár bpáirceanna áille náisiúnta, in anaclanna dúlra, i bpáirceanna foraoise, ar láithreáin oidhreachta náisiúnta, in aibhneacha, ar thránna, i bhforaoisí agus i gceantair speisialta chaomhnaithe chomh maith le ceantair uirbeacha agus páirceanna baile an tionchar a ghabhann le bruscar a chaitheamh. Má dhéantar gníomh beag freagrachta pearsanta is féidir cion mór a dhéanamh chun dul i ngleic le truailliú ó bhruscar, agus ba chóir do gach duine mála bruscair a thabhairt leo agus iad ag pleanáil turais faoin aer ionas gur féidir leo a gcuid bruscair a thabhairt abhaile.” 

Tá an feachtas ag impí freisin ar úinéirí madraí cúram breise a ghlacadh agus a gcuid peataí a rialú agus a lorg a ghlanadh.  

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil méadú mór ar líon na ndaoine a bhfuil madra acu. Go leor de na daoine sin, is é seo an chéad uair a bhí madra acu. Is iontach an comhluadar iad madraí ach tá freagrachtaí ar úinéirí madraí cúram a dhéanamh dá bpeataí agus den tsochaí trí chéile, agus de dhaoine nach bhfuil madraí acu go háirithe agus a bheith tuisceanach agus spásanna poiblí a chosaint ar chac madraí.”   

“Caithfidh úinéirí madraí a thuiscint go háirithe gur féidir le madraí cur isteach ar bheostoc agus iad a chur trína chéile, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dóibh agus fiú amháin iad a mharú. Is féidir le madraí beostoc a chur trína chéile agus a ghortú fiú amháin nuair a bhíonn siad lena n-úinéirí agus ar éill. Meabhraímid d’úinéirí madraí gur cion coiriúil é faoin Acht Madraí (Beostoc a Chosaint)1953 má chuireann madra isteach ar bheostoc ar thalamh feirme.” 

“Is ar gach úinéir madraí atá an oibleagáid a chinntiú nach gcuireann madraí isteach ar bheostoc agus ní amháin ar na húinéirí madraí sin a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí áineasa faoin tuath. Go deimhin, is mó an baol gur peataí de mhadraí a ligtear dóibh dul ar fán ón teach agus a fhágtar gan mhaoirseacht ar feadh tréimhsí fada a mharaíonn caoirigh agus a dhéanann dochar do bheostoc.” 

Faoi dheireadh, tá an feachtas ‘Love This Place, Leave No Trace’ ag cur béim ar leith ar rabhadh a thabhairt faoi na contúirtí a bhaineann le tinte a lasadh faoin tuath, ina measc BBQ aon-úsáide a úsáid.  

“Chonaiceamar i mbliana an scrios is féidir le tinte sléibhe a dhéanamh i gceantair fíor-áilleachta nádúrtha. Má dhéantar faillí agus tinte campála nó BBQ á ndéanamh faoin tuath d’fhéadfadh toradh tromchúiseach a bheith air i bhfaiteadh na súl agus d’fhéadfaí an fiadhúlra agus an timpeallacht a scriosadh. Is é teachtaireacht Ná Fág Lorg gan tine champála a lasadh ach amháin ar láthair ainmnithe. Ná húsáidtear BBQ aon-úsáide lasmuigh.  

Tá eolas agus treoirlínte do dhaoine aonair, do phobail agus d’eagraíochtaí le fáil ag https://www.leavenotraceireland.org/love-this-place-leave-no-trace mar ar féidir leat do thacaíocht a léiriú agus geallúint Love This Place, Leave No Trace a thabhairt. 

CRÍOCH  

Teagmhálacha do na meáin:  Derek Cunningham 086-2430535 [email protected] Jim Devlin 0872631057 [email protected]  

Nótaí d’Eagarthóirí: 

Is é Ná Fág Lorg Éireann an t-aon chlár eitice don spás faoin aer in Éirinn, clár a chothaíonn úsáid fhreagrach a bhaint as an timpeallacht. Trí oideachas, thaighde agus chomhpháirtíochtaí, cuireann Ná Fág Lorg Éireann ar chumas daoine aonair, pobal, eagraíochtaí agus comhlachtaí tionchar a ngníomhartha faoin aer ar an timpeallacht a laghdú. 

Is é Spórt Éireann an t-údarás a bhfuil sé de chúram air spórt a fhorbairt in Éirinn.  

Is cuid den Rannán Oidhreachta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta í an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá freagrach as dualgais chaomhnaithe dúlra Stát na hÉireann a bhainistiú faoin dlí náisiúnta agus Eorpach.   

Is é misean na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail forbairt tuaithe agus pobail a chothú agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann. Feidhmíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar Rúnaíocht do Chomhairle na Tuaithe ar a bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí feirmeoireachta, ó úsáideoirí áineasa na tuaithe agus ó chomhlachtaí Stáit atá freagrach as an tuath nó a bhfuil leas acu inti. Tacaíonn Comhairle na Tuaithe le Ná Fág Lorg. 

Is oifig rialtais í Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a sholáthraíonn seirbhísí poiblí i ndáil le cosaint ó thuilte, maoin an rialtais a bhainistiú agus seirbhísí oidhreachta.  

Is é Fáilte Éireann an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta agus is é an ról atá aige tacú leis an bhfás inbhuanaithe fadtéarmach i gcion eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil na turasóireachta go hÉirinn. 

Is é Uiscebhealaí Éireann an t-údarás loingseoireachta trasteorann atá freagrach as breis is 1000 km d’uiscebhealaí inseolta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun críocha áineasa go príomha. 

Bainistíonn Coillte, an chuideachta foraoiseachta tráchtála is mó in Éirinn, um 7% de thalamh na tíre ar bhonn lán-inmharthanachta.  

Is í Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath an t-údarás atá freagrach as rialtas áitiúil i gCathair Bhaile Átha Cliath in Éirinn. 

Love This Place Leave No Trace